School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 905

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 905

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 905
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall seactmhó bliadhan ó shoin ní raibh aon bróga á caitheamh ag éinne annso go dtí go mbeadh sé 23 bliana d'aois nó mar sin. San tSamhradh a caithidís iad. Bhí daoine nár chaith aon bhróg go dtí go rabhadar dathad bliadhan. Bhí fear i Cill Cuimín darb ainm Jackie Piaras agus níor caith sé bróga riamh. Ana ionghnadh ar daoine dá gcidhtí fear óg timcheall 17 no 18 bliana ag caitheamh bróga. Ag dul go dí an Aifreann nó go faóistín ní ciatí aon bróga fadó. Bhí fear i mBaile Dhúinn timcheall ochtmó bliadhan ó shoin agus bhí sé ag déanamh bróga. Croicheann girrfhídh a cuireadh sé mar bhun fútha acht bhí trí no ceithre ceangailte le céile. Dheineadh an fear sin dubhlíonach de bróga agus thógadh sé go Daingean lá aonaig cun iad do dhíoladh. Bhíodh saghas cábán aige i Daingean. Gach mhí a raghadh sé ann. Bhí deis aige iad do dhiól annsan mar ní raibh aon greásaidhe eile ann ag deánamh bróga. Fadó coiméadadh siad uisge na gcos agus cuirfhidís isteach i dtig eile nó í gcró na gcomharsan é i dtreó go bhfaghaidís ath na gcomharsan.
    Gerard Ua Concubhair
    Fatha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Gerard Ua Concubhair
    Gender
    Male
    Address
    An Fhaiche, Co. Kerry
    Informant
    Seán D. Ua Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    An Fhaiche, Co. Kerry