School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 829

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 829

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 829
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    le iasc guirt. Bhí sé ag déanamh a slighe bheatha ag dul ó áit go h-áit mar sin.
    2) Bhí beirt drithár i mBóthar Buidhe seasgadh blian ó shin ar ab ainm dóib Micheál agus Eóghain Úa h-Uallacháin sé an céard a bhí aca ná figheadóireacht. Ins an áit a bhfuil tig Padraig Uá Matghama a bhí an tig aca.
    3) Bhí duine i gCappa Taidhg ar ab ainm dó Seán Leairrí tímheall seasgadh blian ó shin. Sé an ceárd a bhí aige ná ag ceárdáil olna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sa tsean aimsir nhíodh mórán ceárd ag na daoine cur i gca's deanamh lín. Is amhlaidh a bhí ortha an síol do ceannac ansan caithídís an talam a rómhar mar ní raibh aon chéacta aca an uair úd. Nuair a bhíodh an talamh rómhartha aca leagadh ansíol amac ann agus deineadh é do clúdach airís. Nuair a bhíodh sé aibidh staithidís aníos ó'n dtalamh é agus an préamh air agus deineadh punan de ansan cuiridí isteach i bpollairín é fé mar a thugaidís air agus dfágaidís ann é ar feadh naoi lá nó már sin. Thógaidis aníos ansan é agus cuiridís ós cionn na teinne go dtí go mbeadh se tirim. Ansan bhuailidís é le tuairgín agus deinidís é do minúigeadh le clugh lín ansan deinidis é do sníomh le ineall cosa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish