School: Clochán (roll number 14987)

Location:
An Clochán, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 825

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 825

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochán
  2. XML Page 825
  3. XML “An Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall trí fichead bliadhna ó shoin do bhí ana stoirm ar an bhfairrge. Do cuireadh lung isteac i mBáigh Breanndáín. Táínigh sí ó'n Norbhuaidh agus bhí sí ag dul go Tráíghlí le ualach min buidhe. Laura Prussia an ainm a bhí uirthi. Daréág daoine a bhí innte agus bhíodhar a diarraig teacht cun tallamh i mBreanndhán act bhí na tonntacha ró láídir di. Tar éís tamaill do b huail sí i gcoinnibh tráígh mBaile Dhuínn agus do brisead taobh di. Nuair a conaic muintear an bhaile é sin chuadhar sios cun an tráígh agus labhradar leis na daoine a bhí innti acht ní fhuaireadar aon freagra mar ní raibh teanga na n-Gaedhil ag aoinne aca. Chuir múintir an bhaile fios ar an Oifigeach go dtí an Daingeann mar bhí teanga an Norbhuaidh aige. Nuair a tháinig sé do labhair sé leis an dáréág a bhí sa luing. Nuair a chualadar é dhaithneadar go maith é. D'iarr an t-Oifigeach ortha an raibh aon bád beag aca agus dubhradar go raibh dhá ceann. Dubhairt sé leo ceann aca do chuir isteach cuige. Cuireadar ceann díobh amach sa fairrge acht má dhein do briseadh i gcoinnibh na gcarraigeach é. Do leigeadar an tarna bád amach annsan agus d'eirigh leis teact cun an tráígh. Fén am san bhí an stoirm ag cúineadh agus cuaidh an t-Oifigeach agus fear eile amach go dtí an luing san bád. Thugadar seisear des na fir isteach cun talamh ar dtúis agus annsan thugadar an seiear eile isteach. D'fhanadar i mBréandán ar feadh cúpla lá agus nuair a cuaidh a' taoide sios fuaireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ní Ceallacháin
    Gender
    Male
    Address
    An Clochán, Co. Kerry
    Informant
    Tadhgh Ua Ceallacháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    64
    Address
    An Clochán, Co. Kerry