School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 904
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)meidir go glaodhtar loinithe air. Bhíodh píosa adhmaid cruinn ar bun an loinithe agus bhíodh sé lán de phoill. Is leis an loinithe a deineadh an t-ím istig sa meidir. Bhíodh duine ag buaileadh an loinithe síos suas ar feadh uair a chluig cun an t-ím do dheánamh. Bhíodh claibín ar bárr na meidire idtreó is ná dortóchaidhe an t-uachtar as. Bheadh fhios agat nuair a bheadh an t-ím deánta, mar ní fheadhfá an loinithe do sáthadh síos in-aon cor. Ní meadar atá ag na feirmeóirí anois act bairille. Tá h-annla ar gach taobh den bairille cun é do casadh mór timcheall. Dá dtagadh duine isteach faid a bheithfá ag deánamh na cuiginne, dheanfadh sé a bairille do casadh ar feadh tamailín. Nuair a bheadh sé deánta, thógfadh bean an tighe an t-ím amach as, agus dheinfeadh sí é do nígh go dtí go mbeadh gach aon rian bainne as. Annsan tógfadh bean a tighe an blathach amach agus thabharfadh sí braon do gach éinne a bheadh istig. Cuirfheadh sí salann ar an ím agus deintí é cuir isteach i feircín. Tógfaí go Corcaig é annsan ar muin capaill. Bhíodh cúpla feircín anáirde ar gach capall.
- Collector
- Diarmuid Ó Dúbhda
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Dúbhda
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry